Is idirghabháil luathlitearthachta scoilbhunaithe, ghearrthéarmach í Reading Recovery©. Dearadh í do na páistí sna naíonáin mhóra agus i rang a haon (idir cúig bliana naoi mí agus sé bliana sé mhí d'aois) a aithnítear ar na gnóthachtálaithe litearthachta is ísle tar éis bliana ar scoil. Is idirghabháil fhianaise-bhunaithe í a ndearnadh, agus a ndéantar fós, taighde críochnúil uirthi agus tá sí á creidiúnú ag Coláiste na hOllscoile Londain (UCL).
Teagascann múinteoir sainoilte páistí ina n-aonar ar feadh 30 nóiméad sa lá, ar feadh 12-20 seachtain. Freagraíonn an tsraith ceachtanna seo a dheartar ar bhonn indibhidiúil do láidreachtaí agus do riachtanais gach páiste. Cuireann dlúthbhreathnóireacht bonn eolais faoi chinnteoireacht oilte múinteoirí. Is é an sprioc atá ann go mbeidh na páistí ina bhfoghlaimeoirí litearthachta éifeachtacha agus éifeachtúla a bhíonn in ann feidhmiú laistigh de mheánréimse feidhmíochta ranga.
Tá cóipcheart i seilbh Reading Recovery Europe ag Dámh an Oideachais agus na Sochaí in IOE UCL
Tionchar Reading Recovery in Éirinn
Bailíonn agus cuireann múinteoirí Reading Recovery sonraí isteach maidir le gach leanbh a mhúineann siad chun monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na hidirghabhála. Déantar na sonraí a bhailítear a thiomsú ag leibhéal scoile, réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
In Éirinn, idir 2017 agus 2023, lean 8488 dalta de Reading Recovery. Rinne thart ar 78% (6583 dalta) dul chun cinn luathaithe, rud a chuir deireadh lena sraith ceachtanna Reading Recovery agus iad in ann feidhmiú ag meán ranga nó os a chionn. I measc na sonraí sin, áirítear na blianta ar chuir Covid-19 isteach ar chúrsaí.
Tá ardmheas ag go leor eagraíochtaí neamhspleácha ar Reading Recovery, m.sh. What Works Clearinghouse, Early Intervention Foundation agus Education Endowment Foundation.
Sonraí Measúnaithe Reading Recovery (2022-2023)
Chun leanaí á n-aithint le haghaidh Reading Recovery, úsáidtear réimse tascanna measúnú breathnóireachta (An Observation Survey of Early Literacy Achievement, 2019) a léiríonn nádúr casta agus ilghnéitheach na forbartha litearthachta. Áirítear ar na cúraimí measúnaithe caighdeánaithe sin:
- Aithint Litreacha
- Coincheapa faoi Chló
- Triail Focal
- Stór Focal a Scríobh
- Fuaimeanna i bhFocail a Chloisteáil agus a Thaifeadadh
- Taifid Reatha
Úsáidtear Tasc Léitheoireachta Focal ó British Ability Scale (BAS 3) freisin do na páistí sin a roghnaítear le haghaidh Reading Recovery.
Déantar measúnú iar-idirghabhála ar dhaltaí a roghnaítear le haghaidh Reading Recovery chun a fháil amach conas a d'athraigh a bhfeidhmíocht ar na tascanna seo le himeacht ama. Tugtar léiriú sna sonraí thíos ar mheánscór iontrála agus scóir i sraitheanna ceachta a cuireadh i gcrích in 2022-2023.
Tabhair faoi deara le do thoil: Tagraíonn 'N=' do líon na míreanna a ndearnadh measúnú orthu ar an tasc sin. Tagraíonn 'SD' don diallas caighdeánach
Is measúnú cuimsitheach ar chumas léitheoireachta iad Taifid Reatha. Tugann an cumas idirghníomhú go rathúil le scéal scríofa léargas ar an gcaoi a n-úsáideann páiste go leor straitéisí lena n-áirítear díchódú agus cén leibhéal castachta i léamh téacs is mó a rachadh chun tairbhe dóibh lena bhforbairt tuilleadh.
Tugann an tasc Fuaimeanna i bhFocail a Chloisteáil agus a Thaifeadadh (HRSiW) eolas faoin leibhéal feasacht fóineolaíochta agus fhóinéimeach atá forbartha ag an bpáiste. Tugann an tasc léargas ar na nithe seo a leanas:
- Na fuaimeanna atá an páiste a chloisteáil i bhfocail
- An seicheamh ina gcloiseann siad iad
- Na naisc fuaim-le-litir a d'fhorbair an leanbh
- Feasacht an pháiste ar an ortagrafaíocht
Is féidir leis an tasc Aithint Litreacha a thabhairt le fios cé na litreacha atá ar eolas, mearbhaill a thagann arís is arís agus na lipéid a úsáidtear lena n-aithint.
Tugtar eolas sa tasc Coincheapa Maidir le Cló ar an gcaoi a mbíonn an páiste ag idirghníomhú le leabhair agus le cló.
Ní hamháin go dtugann an tasc Triail Focal eolas faoi na focail ardmhinicíochta a aithníonn an páiste ach tugann sé léargas ar na straitéisí a bhíonn in úsáid nuair a dhéanann an páiste iarracht iad a rá.
An Ceacht Laethúil
I measc cheachtanna Reading Recovery, áirítear deiseanna éagsúla chun cumais teanga labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta a fhorbairt. Spreagann gníomhaíochtaí agus eispéiris foghlama an páiste a bheith ag obair go neamhspleách agus go gníomhach i réiteach fadhbanna.
Leanann gnáthcheacht Reading Recovery struchtúr a chinntíonn cur chuige cuimsitheach comhthéacsaithe chun foghlaim litearthachta an pháiste a fhorbairt. Laistigh den struchtúr seo, idirghníomhaíonn an múinteoir a bhíonn i mbun Reading Recovery leis an bpáiste chun a chinntiú go mbíonn béim agus fócas saincheaptha ar fhorbairt na scileanna agus na straitéisí sonracha a bhíonn in úsáid agus á bhforbairt ag an bpáiste. Mar thoradh air sin, bíonn gach ceacht Reading Recovery curtha i gcomhthéacs agus baineann siad go sonrach leis an bhfoghlaimeoir litearthachta atá ag teacht in inmhe.
Forbairt Ghairmiúil
Úsáideann múinteoirí an aithne a bhíonn acu ar an bpáiste, a láidreachtaí, a ábhair spéise, a réamhfhoghlaim agus faisnéis ó mheasúnuithe foirmitheacha laethúla chun riachtanais a aithint agus cinntí a dhéanamh maidir lena gcuid foghlama. Faigheann múinteoirí tacaíocht ó:
- Eolas ar an gcuraclam, Curaclam Teanga na Bunscoile (CTB)
- Caighdeáin agus Treoirlínte maidir le Reading Recovery agus nósanna imeachta gaolmhara
- Forbairt ghairmiúil ardchaighdeáin rialta agus leanúnach
- Ceistiú leanúnach ar thaighde litearthachta
- Líonra tacaíochta níos leithne de mhúinteoirí Reading Recovery
Reading Recovery agus Forbairt Litearthachta
Aithnítear in Reading Recovery gur gníomhaíocht chasta í dul i ngleic leis an litearthacht, ina mbítear ag réiteach fadhbanna, ag fáil teachtaireachtaí agus ag cruthú teachtaireachtaí. Úsáideann léitheoirí rathúla faisnéis ó go leor foinsí chun a chinntiú go n-éiríonn leo an teachtaireacht a tharraingt le cruinneas, líofacht agus tuiscint agus taitneamh.
Cuireann Reading Recovery le forbairt litearthachta trí leas a bhaint as eispéiris litearthachta an pháiste agus as an eolas a thugann sé leis ar scoil, ag tógáil ar a láidreachtaí.
Gnéithe d'Fhorbairt na Luathlitearthachta a dtacaíonn Reading Recovery leo
- Tuiscint
- Forbairt scríbhneoireachta
- Teanga labhartha
- Spreagadh agus taitneamh
- Neamhspleáchas
- Féinrialú
- Prionsabal Aibítre
- Coinbhinsiúin chló
- Feasacht fóineolaíochta agus fhóinéimeach
- Líofacht
- Staidéar Focal
Cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi roinnt de na réimsí sin.
Buntáistí don Scoil
- Béim ar ionchais arda a choinneáil do gach foghlaimeoir.
- Luath-aithint páistí a mbíonn deacrachtaí litearthachta acu tar éis bliana ar scoil.
- Tá Reading Recovery ag teacht le Curaclam Teanga na Bunscoile (CTB). Bíonn páistí ag obair i dtreo na dtorthaí foghlama sa CTB roimh, le linn agus tar éis idirghabháil Reading Recovery.
- Is féidir le múinteoirí ardoilte Reading Recovery cleachtais éifeachtacha luathlitearthachta a threorú agus a chomhordú laistigh dá scoil chun torthaí foghlama a fheabhsú do chách.
- Trí bhíthin shonraí comhthiomsaithe Reading Recovery is féidir monatóireacht luath a dhéanamh ar láidreachtaí agus ar riachtanais litearthachta laistigh den scoil agus is féidir leo cabhrú le Féinmheastóireacht Scoile agus le pleanáil na scoile uile..
Teistiméireachtaí
"The Reading Recovery Programme has been so beneficial to our school and as the Reading Recovery teacher, on a daily basis, I witness the effectiveness of the programme. As well as the literacy improvements and achievements made by the pupils on the Reading Recovery Programme, the confidence and self-belief these pupils gain throughout the programme is evidently visible as they navigate their way through school life. Class teachers have commented on the change in attitudes towards learning and the pupils’ belief in their own abilities following the Reading Recovery Programme. I feel very grateful that I have received the training and continue to receive CPD in order to develop my own skills and knowledge in this area."
Iarratais ar Fhorbairt Ghairmiúil in Reading Recovery Oscailte i dTéarma 2 den Scoilbhliain
Credits:
Created with an image by vectorfusionart - "Composite image of children reading books at park"